Cath Chéim an Fhia #2

Cath Chéim an Fhia

I’ve been getting a good few referrals from people searching ‘Cath Chéim an Fhia’. So here is another account by Tadhg Ó Suibhne on the events that later became knows as Cath Chéim an Fhia (the Battle of Keimaneigh), 1822.

Cath Chéim an Fhiaidh (Scéal John Smith)
le Tadhg Ó Suibhne

Um an dtaca seo is dócha go bhfuil gach éinne tar éis an cloch mór a fheiscint thuas ag barr an Chéama, an cloch leis an dá leac air. Tá pictiúir de i dteannta an ailt seo. Tá sé scríofa ar an leac seo gur maraíodh triúr des na Buachaillí Bána agus saighdiúir amháin. John smith ab ainm don saighdiúir seo agus bhí scéal ana shuimiúil ag baint leis. Chun an scéal a thuiscint i gceart níor mhiste cur síos ar cé a bhí páirteach ann. Is dócha go raibh aithne ag gach éinne ar Shéamus Walsh ó Túirín Dubh, bhuel Ritchie ab ainm d’athair Shéamuis, agus Séamus Mór ab ainm do shean-athair Ritchie.

Bhí Séamus Mór mar chaptaoin nó mar cheannaire de shaghas éigin ar na Buachaillí Bána áitiúla agus bhí easpa arm agus amuinisiúin orthu. Do mheasadar an cheist sin a réiteach le cuaird a thabhairt ar thig Thighearna Beanntraí agus airm agus rl. a thógaint “saor in aisce” mar a déarfá. Do dheineadar san agus d’éirigh maith go leor leo, ach bhí eagla orthu go mbeadh tuairim ag múintir Bheanntraí gur anseo go Béal Ã?tha’n Ghaorthaidh a thiocfadh na h-airm. Mar sin do shocraíodar le Buachaillí Bána Bheanntraí dá bhfeicidís na saighdiúirí ag fágaint Beanntraí go raghadh an duine ba ghiorra don tsráid in áirde ar chnocán agus go ligfeadh sé liú as. Ansan dhéanfadh an Buachaill Bán ba ghiorra dó san an rud céanna ar a chnocán féin, agus mar sin leo go dtí go shroichfeadh an liú Uibh Laoghaire. Nós an scéil do leanadar leis an liú go dtí gur shroich sé Carraig an Ime. B’shin é “an liú gur leath i bhfad i gcéin” atá san amhrán..

Do shroich na saighdiúirí an dúthaigh seo i bhfad níos tapúla ná mar a cheap na Buachaillí Bána a thoicfaidís mar do bhíodar ar muin capaill agus dheineadar díreach fé dhéin tigh Cheallacháin thuas i gCloch Bharrach. Bhí sé beartaithe acu an tigh a dhó agus fear an tighe a losgadh ina bheathaidh. Do theip san orthu mar bhí na Buachaillí Bána ag bailiú le chéile taobh thuas díobh, timpeall Túirín na nÉan agus mar sin siar agus bhí eagla ar na saighdiúirí dul níos sia soir. Do dhruideadar siar i dtreo an Chéama agus bhí an dá dream ag caitheamh le na chéile fan na h-aimsire. Bhí scáth na gclathach ag na Buachaillí Bána agus dá bhrí san ní raibh ag éirí go maith leis na saighdiúirí. Fé dheire d’fhág duine des na saighdiúirí a cháirde agus mheas sé go bhféadfadh sé teacht aniar aduaidh ar na Buachaillí Bána. Níor éirigh leis áfach, mar bhí Séamus Mór Breathnach ag feitheamh leis, agus bhí coimhlint cruaidh eatarthu. I ndeire na dála do mhairbh Séamus an saighdiúir – b’shin é John Smith.

Níor fhan na saighdiúirí eile i bhfad timpeall na háite ina dhiaidh san, d’imíodar leo thar nais go Beanntraí. Le titim na hoíche do bhailigh na Buachaillí Bána le chéile agus do chuireadar Smith i bpoll portaigh taobh thiar den Túirín Dubh, ar an dtaobh theas den bóthar. Sin é an chúis go dtugtar Droichidín Smith ar an ndroichead beag atá thiar ansan fé láthair.

Bhí buachaill aimsire ó thigh na mBúrcach ag faire ar na Buachaillí Bána nuair a chuireadar Smith sa phort agus bhí eagla orthu go ndéanfadh sé spiarracht orthu. Mar sin do thánadar le chéile oíche eile chun an corp a aistriú go dtí áit éigin eile. Bhí an oíche ana dhorcha agus theip glan orthu an poll ceart a aimsiú. Fé dheire chaitheadar dul siar go tigh na mBuarcach agus an garsún a thógaint as a leaba. Fuair an garsún an áit ceart gan aon trioblóid in aon chor. Do thógadar leo an corp ó thuaidh trasna an chnoic go dtí Muing na Biorraí. Do bhaineadar a chuid éadaigh go léir de agus chuireadar lom nocht isteach i bpoll portaigh é tar éis súgán a cheangal dá mhuinéal agus cloch ar an súgán chun an corp a choiméad ag tón poill Ach do réir deabhraimh d’ith na heascúin an súgán agus do phreab an corp go barr an uisce i gceann cúpla lá. Duine des na Buachaillí Bána ó Ghort a’Phludaigh a chabhraigh le Séamus Mór chun an corp a chur sa pholl a fuair amach go raibh an corp tagtha go barr uisce. Is amhlaidh a bhí garsún óg aige chun aire a thabhairt dos na ba agus bhíodh gabhar bán leis na ba i gcónaí. Tráthnóna amháin níor tháinig an gabhar abhaile, agus chuaigh an garsún á lorg. Chonaic sé an corp bán sa pholl portaigh agus cheap sé gurbh é an gabhar é agus d’inis sé do fhear an tighe é. Thuig sé sin go maith gurbh é corp an tsaighdiúra a bhí sa pholl.
D’éirigh sé le breacadh an lae agus bhí beartaithe aige dul go dtí an muing chun an corp a chur fé uisce, i dtreo is ná éireodh sé go brách arís, ach is amhlaidh a bhí an clós lán de shaighdiúirí.

Bhí an spiaire tar éis a chuid droch oibre a dhéanamh go héifeachtach. Tadhg Bréidí ab ainm don spiaire seo agus bhí sé pósta le h-iníon Máire Bhuidhe Ní Laoghaire, dhein sé teangmháil leis an mBarrach Mór i gCill Barra, agus thug an Barrach mála cruithneachtan dó mar bhreib i dtaobh a chuid scéalaíochta. Pé scéal é bhí an t-eolas go léir ag na saighdiúirí agus nuair a tháinig an Barrach Mór féin lá ar na mhárach, ní bheadh sé sásta éinne eile a fháil chun an corp a thógaint as a’ bpoll ach na Búrcaigh, beirt clainne le Máire Bhuidhe. Bhí cómhra acu, ach do chaith mná na h-áite bairlíní a thabhairt dóibh. Do thógadar John Smith leo agus do chuireadar thoir i reilg Inse Geimhleach é agus tá sé ann fós D’éalaigh Séamus Mór go Sasana agus bhí sé ar a theithe ar feadh blianta fada ach sin scéal eile ar fad.

Source
Previous post

The Ballingeary Historical Society and the Bantry Historical Society erected a Monument in 1998 commemorating those who died at and after the Battle of Keimaneigh.
Below is an account of how and why they went about this.

The Battle of Keimaneigh Monument. 1998

Anyone passing through the Pass of Keimaneigh between Ballingeary and Kealkil recently will have noticed the new Monument. As you travel West towards Kealkil it stands beside the road in a small cutting to your left as you approach the top of the hill.

This Monument is the joint effort of the Ballingeary Historical Society and the Bantry Historical Society, and the members of both Organisations have been working for several years to bring it to fruition.

We are very indebted to Pat Twomey of Curraglass Townland in Bantry who has provided the land on permanent loan.

The site is particularly relevant in that it lies where the old road parts company from the new road. The new tarmacked road is of course what we now think of as the Bantry Road. It did not exist at the time of the battle in1822, but was built soon after, about 1830, as a result of the battle and the difficulties which the Authorities had in bringing troops up to the Pass. This new road was built by James Barry the notorious landlord from Kilbarry House. You can see the line of the old road rising steeply from you up the hill towards Doughill Mountain on your left. From this point the old road can be traced right the way through to Tooreendubh where it drops down into the valley of the River Lee again.

The Cork County Council team under Gearoid Hayes have cut a crescent shape into the piece of land, and erected the plaque on a large irregular shaped slab of local old red sandstone.

The plaque is inscribed as follows:

“I gcuimhne na bhfear a cailleadh i gCath Cheim an Fhia
in Eanair na bliana 1822.
Mícheál Ó Cathasaigh, Barra Ó Laoire, Amhlaoibh Ó Loinsigh,
(Buachaillí Bána �itiúla).
Seán mac Gabhann (Fórsaí na nGall).
Crocadh Éamonn Ó Rinn i Márta 1822.
Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha.”

“To commemorate those who died at and after the Battle of Keimaneigh
January 1822. Michael Casey, Barry O’Leary, Auliffe Lynch,
Edward Ring (local Whiteboys)
John Smith (Crown Forces)
May they rest in peace.”

It will be seen that the plaque commemorates the three local men who were killed during the battle, together with the English soldier Smith, who was also killed. Another man, Edward Ring was captured, tried at Cork Assizes, condemned to death, and hanged at Deshure with five others from other parts of the County.

Although described as Whiteboys on the plaque, it is more accurate, historically, to call them Rockites, the name they used themselves.

The story of the Battle of Keimaneigh was described in detail in Journal No.1.
Briefly, it was a protest against the Tithe system, High Rents, Eviction at will and the other abuses inflicted on tenant farmers by the Landlords. The young men who gathered above Keimaneigh that January in 1822 in appalling weather, were a small but important part of the general movement throughout the Country to rid us of tyranny, and we should not forget them and their contribution.

Source

One Response to “Cath Chéim an Fhia #2”

  1. LIAM RYAN says:

    Very happy to see this, I am a desendent of Seamus Walsh. My mother is Margaret Walsh before she married. From tooreen dubh. Thanks for doing all the work I am very proud

Leave a Reply